Conradh na Gaeilge

An Eagraíocht

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus saothraíonn an eagraíocht ar son na teanga ar fud na hÉireann uile agus timpeall na cruinne. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann. Ó bunaíodh é ar 31 Iúil 1893 tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre, ó chúrsaí dlí agus oideachais go forbairt meán cumarsáide agus seirbhísí Gaeilge. Músclaíonn an mhóreagraíocht seo pobal na hÉireann, tugann sí tuiscint úrnua dúinn ar ár n-oidhreacht luachmhar agus cothaíonn sí meas ionainn ar an gcultúr Gaelach. Tá 200 craobh agus iomaí ball aonair ag Conradh na Gaeilge, agus bíonn baill uile an Chonartha ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin.

Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú i gcónaí agus baineann ár gcuid oibre le gach gné den saol. Le linn 2009, chuir Conradh na Gaeilge tús leis an chéad ghréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá faoin dteideal Is Leor Beirt; chuir an chéad chairt-stáisiúin raidió Gaeilge don aos óg, Raidió Rí-Rá, beo ar an gcóras FM ar feadh trí sheachtaine; chuir scoláirí i gcoláistí samhraidh agus i meánscoileanna timpeall na tíre ar an eolas maidir lena gcearta teanga in Éirinn agus san Aontas Eorpach mar chuid den chamchuairt Glac Leis; d'imigh i bhfeidhm ar Theachtaí Dála agus ar Sheanadóirí ó gach páirtí polaitíochta maidir le ceisteanna teanga agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais, go háirithe le lá stocaireachta i mí na Nollag; agus d'eagraigh ranganna, imeachtaí agus eile i gcomhair le heagraíochtaí Gaeilge eile chun tacú le pobal na Gaeilge ar bhealaí éagsúla tríd an bhliain ar fad.

I mbliana, táimid ag tabhairt faoi dhúshláin nua chun

  • airgead a bhailiú don eagraíocht;
  • leasuithe sa chóras oideachais a chinntiú chun múineadh na Gaeilge a fheabhsú ag gach leibhéal scoile;
  • tuilleadh ranganna a chomhordú agus a fhorbairt tríd an tír; 
  • timirí a fhostú sna cúigí;
  • stocaireacht a dhéanamh sna toghcháin áitiúla le ceisteanna teanga a ardú;
  • tuilleadh traenála a fhorbairt agus a chur ar fáil do chraobhacha;
  • na seirbhísí fadbhunaithe againn a fhorbairt agus a leathnú a thuilleadh le freastal mar is cóir ar phobal uile na Gaeilge.

Más mian leatsa éirí gafa leis an gConradh agus cabhraigh linn lenár gcuid aidhmeanna a bhaint amach don teanga, ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn ag an seoladh thíos nó cláraigh linn ar-líne inniu anseo.

 

1214329850cnag