Imeachtaí
Dusty Banjos i gClub Áras na nGael, Gaillimh
Tháinig na Dusty Banjos ar an bhfód i 2002 mar sheisiúin fhoghlama cheoil thraidisiúnta do dhaoine fásta. Tá fáilte roimh chách: ó thosaitheoirí chuig daoine atá ag filleadh ar an gceol traidisiúnta, ceoltóirí a theastaíonn uathu an dara uirlís a chur faoina smacht, scoláirí ollscoile idir Éireannaigh agus eachtranaigh agus go ginearálta aon duine a bhfuil suim acu sa cheol traidisiúnta agus cinéal cúthaileach faoi bheith páirteach i seisiúin níos bríomhara.
Chomh maith le bheith mar sheisiúin do fhoghlaimeoirí tá Dusty Banjos mar bhanna le ceannairí seasta ach le rannpháirtí athraitheach. Bíonn an banna ag seinm i nGaillimh go minic agus bíonn na séisiúin lán le daoine atá beo agus bríomhar le éagsúlacht uirlísí agus stíleanna.
Casann Dusty Banjos i gClub Áras na nGael ar an gcéad Shatharn de gach mí agus beidh an chéad seisiún eile ar siúl ar an Satharn 9 Eanáir 2010 ag 10.00 i.n., saorchead isteach.





