Conradh na Gaeilge

Imeachtaí

10/11/09 - 09/03/10

Beidh Club Áras na nGael , 45 Sr. Doiminic mar ionad do shraith nua oícheanta chultúrtha ar an dara Mháirt de gach mí.

Sé Joe Steve Ó Neachtain an scríbhneoir, aisteoir, drámadóir, agus craoltóir a chuir tús leis seo le comhrá agus píosa léitheoireachta ar an Máirt 10 Samhain ag 8.15 i.n. Tá Joe Steve mar dhuine de scríbhneoirí na Gaeilge ar a bhfuil is mó meas agus cáil. 

Bronnadh Gradam Jacobs ar a shaothar sraithdhrámaíochta Baile an Droichid, a chraoladh ar Raidió na Gaeltachta ó 1985 go 1995. Bronnadh gradam litríochta Chló Iar-Chonnachta ar Clochmhóin (1998) i 1998 agus ainmníodh an saothar céanna do Dhuais Litríochta The Irish Times i 1999. Bronnadh gradam litríochta Chló Iar-Chonnachta arís air don úrscéal Lámh Láidir (2001) in 2002. Is é an saothar foilsithe is déanaí leis ná an dráma An Dé Deiridh (Cló Iar-Chonnachta, 2009). Tá sé le feiceáil sa sobaldrama 'Ros na Rún' ar TG4 faoi láthair. Tá cliú agus cáil ar a shathaoir de bharr a ghrinn, drámaíochta agus stíl uathúil.

Leis an sraith oícheanta chultúrtha seo “Airneán sa Chathair” tá sé i gceist pobal mhór Gaeilge na Gaillimhe agus go deimhin mórthimpeall a thabhairt le chéile. An oiche faoi dheireadh bhí airnéan álainn againn inár chaith Joe Steve uaireanta chloig ag comhrá agus ag léitheoireachta agus d'fhan gach duine i gcomhair deoichín cois tine ina theannta.

Chomh maith le oíche den scoth le Joe Steve i mí na Samhna tá trí oíche eile eagraithe sa sraith: i mí na Nollag beidh ceann d'amhránaí is cumasach as Éirinn Lasairfhíona Ní Chonaola as Inis Oírr, Oileáin Árann ag canadh. I mí Eanáir tabharfaidh Dermot Somers, an ailleadóir agus sléibhteoir cróga taispeántas faoi cheann dhá chuid aistir. I mí Feabhra, beidh an scannánóir cáiliúil Bob Quinn ag léiriú an clár faisnéise "Fly-tipping in London". Is seo léargas iontach ar ghrúpa daoine as Conamara a bhí ag maireachtáil i Londain sna ochtóidí.  

Chun costais a chlúdú beidh táille €5.00 ar an doras, €3.00 ráta lascaine. Tá súil againn go mbeidh slua mór i láthair chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus do na healaíontóirí iontach seo. Fáilte roimh chách.