Imeachtaí
Dianchúrsa Gaeilge 2010
Árus na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh
PREASRÁITEAS
01/02/10
Dianchúrsa Gaeilge chun ullmhú d'agallaimh Na
gCúrsaí Oiliúna sa Bhunmhúinteoireacht
Tá dianchúrsa Gaeilge fógraithe Ag Conradh Na Gaeilge atá dírithe go sonrach ar chéimithe ar spéis leo áit a bhaint amach ar Chúrsa Oiliúna sa Bhunmhúinteoireacht. Beidh cáilíocht mar mhúinteoir bunscoile acu siúd a bhaineann ceann scríbe amach ar na cúrsaí oiliúna seo agus tá inniúlacht sa Gaeilge mar chuid riachtanach den cháilíocht atá ag teastáil chun áit a bhaint amach ar na cúrsaí.
Is chuige sin atá a Dianchúrsa seo á reáchtáil Ag Conradh Na Gaeilge, le aird faoi leith ar ullmhúchán a dhéanamh don agallamh a bheidh ar gach iarrthóir a dhéanamh chun áit a bhaint amach ar na Cúrsaí Oiliúna. Beidh béim ar chothú muiníne agus scileanna comhrá a neartú. Mar chuid den chlár beidh cleachtadh ar agallamh a dhéanamh agus cuirfear comhairle ar fáil i ndiaidh an agallaimh.
Beidh an dianchúrsa ar siúl Dé hAoine 12ú Feabhra agus Dé Sathairn 13ú Feabhra in Áras Na nGael, 45 Sr. Doiminic. Leanfaidh sé ó 700i.n. go dtí 9.00i.n Dé hAoine agus ó 10.00r.n. -5.00i.n. Dé Sathairn le sos lóin. Tá táille €100 ar an gcúrsa.
Tá teorainn leis an líon iarrthóirí a ghlacfar ar an gcúrsa seo áfach.
Is féidir eolas breise agus foirmeacha clárúcháin a fháil ó Chonradh Na Gaeilge, 45 Sr. Doiminic, Gaillimh, 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie. Caithfear cláru roimh Dé hAoine 5ú Feabhra 2010.
CRÍOCH
Tuilleadh Eolais
Dianchúrsa Bunmhúinteoirí
Conradh Na Gaeilge
Árus Na nGael
45 Sráid Doiminic
Gaillimh
091 567824 conradh@bradan.iol.ie




