Feachtais
Plean 2030
Tá dréacht den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ullmhaithe ag an Rialtas agus tá sé ar fáil anseo. Tá tuairimí, moltaí agus leasuithe ar an gcáipéis á lorg acu ó bhaill an Oireachtais agus ón gComhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Mar sin, má tá moladh le déanamh agat ina leith, labhair le do Theachta Dála inniu!
Tá Straitéis an Rialtais mar atá leagtha amach sa cháipéis seo eagraithe thart:- Ar chur le heolas ar an nGaeilge;
- Ar dheiseanna a chruthú le Gaeilge a úsáid; agus
- Ar dhearcaí dearfacha i leith úsáid na Gaeilge a chothú.
Leagann an Straitéis amach Réimsí Gnímh faoi naoi bpríomhcheannteideal:
Oideachas
An Ghaeltacht
An Teaghlach ag Cur na Teanga ar Aghaidh - Idirghabháil go Luath
Riarachán, Seirbhísí agus Pobal
Na Meáin agus Teicneolaíocht
Foclóirí
Reachtaíocht agus Stádas
Saol Eacnamaíochta
Tionscnaimh Chros-Ghearrthacha




