Conradh na Gaeilge

Feachtais

Is Leor Beirt

Creideann Conradh na Gaeilge nach bhfuil slua de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt!

Tá tús curtha againn leis an chéad ghréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá faoi theideal an fheachtais Is Leor Beirt i gcomhar le Scéimeanna Phobail Gaeilge timpeall na tíre. Tá sé an-éasca grúpa nua Is Leor Beirt a bhunú - níl ag teastáil ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile i gcaife áitiúil nó sa bhialann san ionad oibre le comhrá le chéile i nGaeilge ar bhonn rialta. Cuireann beirt chainteoir Gaeilge fáilte roimh dhaoine eile le spéis sa teanga ag gach ionad a ghlacann páirt i scéim an Chonartha gach seachtain nó gach mí.

Níl aon chostas nó am breise de dhíth chun páirt a ghlacadh i ngréasán Gaeilge Is Leor Beirt, ó seo am lóin nó sos caife a bheadh á ghlacadh ag daoine ar aon nós, ach beidh sé á ghlacadh acu i suíomh éagsúil anois i dteannta daoine eile sa suim sa teanga.

Tabharfaidh scéim nua an Chonartha deis labhartha Gaeilge don ghnáthphobal agus cinnteoidh go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil go poiblí in ionaid éagsúla timpeall na tíre. Ní hamháin go mbeidh pointe teagmhála á chruthú ag an scéim do dhaoine lasmuigh de phobal na Gaeilge ar an dóigh seo, ach cabhróidh Is Leor Beirt go mór le daoine ar an gcúpla focal an easpa muiníne agus an eagla roimh úsáid na Gaeilge a dhíbirt i gcomhluadar cairdiúil, neamhfhoirmeálta.

Tá grúpaí cheana féin ceangailte leis an scéim i nGaillimh, Maigh Eo, Baile Locha Riach, Inis, Baile Átha Cliath agus ar an Tulach Mór, Co. Uíbh Fháilí. Seo a leanas sonraí na n-ionad atá páirteach go dtí seo:

IONAID REATHA:

BAILE ÁTHA CLIATH
+353 (0)1 4757401

Am: Gach Máirt ag 1.00 - 1.45in
Áit: An Seomra Foirne (2-049), Sráid Áinséir, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2.
Teagmháil: elena.keany@dit.ie / ptbrowne@dit.ie

Am: Gach oíche Mháirt ag 8.30in
Áit: Áras Chonradh na Gaeilge, Corrán Grattan, Inse Chór, Baile Átha Cliath 8.
Teagmháil: Craobh Inse Chór +353 (0)1 4535814

Am: Gach Céadaoin ag 11.00rn
Ionad: O'Briens Bagel Factory, 10 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Teagmháil: Síne Nic an Ailí +353 (0)1 4757401 / sine@cnag.ie

Am: Gach Déardaoin ag 11.00rn
Áit: Bialann an champais, Sráid Bolton, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 1.
Teagmháil: domhnall.sheridan@dit.ie

Am: Gach Aoine ag 1.00 - 2.00in
Áit: Ionad Buail Isteach, Siopa Connolly Books, 43 Sráid Essex Thoir, Barra Temple, Baile Átha Cliath 2.
Teagmháil: Criostóir Ó Broin ionadbuailisteach@gmail.com / +353 (0)87 6662903

Am: An chéad Aoine den mhí ag 1.00in
Áit: Camden Court Hotel, Sráid Camden, Baile Átha Cliath 2.
Teagmháil: Siobhán Nic Gaoithín gaeilge@dit.ie

Am: Gach Satharn ag 2.00 - 4.00in
Áit: An Caifé Gaelach agus Ionad Deonach, 107 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1.
Teagmháil: Máire Ní Bheaglaoich ionadbuailisteach@gmail.com / +353 (0)87 6662903

 

BAILE LOCHA RIACH
+353 (0)91 870718

Am: Gach Céadaoin ag 11.00rn
Áit: Hope's, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe.
Teagmháil: Gaeilge Locha Riach +353 (0)91 870718

 

GAILLIMH
+353 (0)91 567824

Am: Gach oíche Luan ag 8.00in
Áit: Bialann Lohans, Bóthar na Trá, Gaillimh.
Teagmháil: Patricia Lohan goodtimes@lohans.ie / +353 (0)91 522696

Am: Gach Máirt ag 10.30rn
Áit: Café Mocha, Sráid Doiminic, Gaillimh.
Teagmháil: Gráinne Ní Chonghaile conradh@bradan.iol.ie / +353 (0)91 567824

Am: Gach Máirt ag 11.00rn
Áit: The Hub, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Teagmháil: Gráinne Ní Chonghaile conradh@bradan.iol.ie / +353 (0)91 567824

Am: Gach Máirt ag 3.00in
Áit: Canteen, GMIT, Gaillimh.
Teagmháil: Gráinne Ní Chonghaile conradh@bradan.iol.ie / +353 (0)91 567824

Am: Oíche na bhFoghlaimeoirí, gach Céadaoin ag 8.00in
Áit: Club Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh.
Teagmháil: Gráinne Ní Chonghaile conradh@bradan.iol.ie / +353 (0)91 567824

Am: Gach Domhnach ag 2.00 - 4.00in
Áit: Caife Áras Éanna, Inis Oírr, na hOileáin Árann, Co. na Gaillimhe.
Teagmháil: Bríd Ní Chualáin ccteo@eircom.net 

 

AN CABHÁN

Am: Gach Céadaoin ag 11.00rn
Áit: Seomra 115, Óstán Riverfront, Achadh an Iúir, Co. an Chabháin.
Teagmháil: Billy Kearns billykearns@gmail.com / +353(0) 86 8837574

Am: Gach oíche Chéadaoin ag 8.00in
Áit: Óstán Fearnáin, An Cabhán, Co. an Chabháin.
Teagmháil: Glór Bhréifne padraig.ocuinneagain2@mail.dcu.ie / +353 (0)87 6401682

 

CEATHARLACH

Am: An chéad Déardaoin den mhí ag 7.30in
Áit: Leabharlann Cheatharlach, Sráid na Tulaí, Ceatharlach.
Teagmháil: Glór Cheatharlach +353 (0)59 9158105 / +353 (0)85 1340047 / emma@glorcheatharlach.ie

Am: An chéad Déardaoin den mhí ag 9.00in
Áit: Reddy's, 67 Sráid na Tulaí, Ceatharlach.
Teagmháil: Glór Cheatharlach +353 (0)59 9158105 / +353 (0)85 1340047 / emma@glorcheatharlach.ie

Am: An Déardaoin deireanach den mhí ag 9.00in
Áit: Teach Dolmain, Bóthar Chill Chainnigh, Ceatharlach.
Teagmháil: Glór Cheatharlach +353 (0)59 9158105 / +353 (0)85 1340047 / emma@glorcheatharlach.ie

 

AN CLÁR
+353 (0)65 6864474

Am: Gach oíche Chéadaoin ag 8.00 - 9.00in
Áit: Potter's Hand Café, Cill Rois, Co. an Chláir.
Teagmháil: Máire Hamilton +353 (0)86 3455961

Am: Gach oíche Chéadaoin ag 8.15in
Áit: An Sean Bhear, Wolfe Tones na Sionna, Sionnain, Co. an Chláir.
Teagmháil: Club na Sionna +353 (0)61 368194 / lodonnghaile@hotmail.com

Am: Gach Satharn ag 3.00 - 4.00in
Áit: Potter's Hand Café, Cill Rois, Co. an Chláir.
Teagmháil: Máire Hamilton +353 (0)86 3455961

Am: An Mháirt deireanach de ghach mí, 24 Samhain 2009 ag 11.00rn
Áit: Ionaid éagsúla
Teagmháil: Breandán Mac Fhionnghaile clarasgaeilge@eircom.net / +353 (0)65 6864474

 

CORCAIGH

Am: Gach coicís, oíche Luan 16 Samhain 2009 ag 8.00in
Áit: Óstán Clarion, Cé Lapps, Corcaigh.
Teagmháil: Eilís Uí Bhriain +353 (0)87 1235203

 

AN DÚN

Am: Gach dara oíche Déardaoin ag 8.30 - 9.30in ón 21 Eanáir 2010 ar aghaidh
Áit: Thuas staighre i gClub Chumann Naomh Peadar, An Pointe, Co. an Dúin
Teagmháil: Mícheál Breathnach +44 (0)28 4175 3661 / walshspharmacy@hotmail.com

 

FEAR MANACH

Am: Gach oíche Chéadaoin ag 8.30in
Áit: Blakes of the Hollow, Inis Ceithleann, Co. Fhear Manach.
Teagmháil: Seán Ó Fiaich ofiaich@hotmail.co.uk 

 

LEARPHOLL

Am: Gach oíche Déardaoin ag 9.00in
Áit: St Michaels Irish Centre, Boundary Lane, Learpholl, L6 5JG.
Teagmháil: Tony Birtill Tony@birtill79.freeserve.co.uk

 

LIATROIM

Am: Gach maidin Shathairn ag 11.30rn - 12.30in
Áit: Teach Tabhairne Stanford, Droim Dhá Thiar, Co. Liatroma.
Teagmháil: Bríd +353 (0)86 0580034

 

LUIMNEACH

Am: Gach coicís, oíche Déardaoin 29 Aibreán 2010 ag 8.30in
Áit: Ionaid éagsúla (féach www.gaeilluimni.ie do shonraí)
Teagmháil: Micheál Mac Oireachtaigh +353 (0)86 1637452 / geraghtymichael@hotmail.com

 

AN LÚ

Am: Gach oíche Chéadaoin ag 8.00 - 10.00in ón 03 Feabhra 2010 ar aghaidh
Áit: The Bar Tender, Park Street, Dún Dealgan, Co Lú.
Teagmháil: Tamara Ní Chonaill oconnelltamara@yahoo.ie / +353 (0)87 7624244

 

MAIGH EO
+353 (0)94 9022444

Am: Gach oíche Luain ag 9.00in
Áit: Óstán an McWilliam, Clár Clainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo.
Teagmháil: Brídín Ní Cheallaigh +353 (0)87 9781166

Am: Gach oíche Mháirt ag 9.00in
Áit: Tigh Matt Molloy, Sráid an Droichid, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo.
Teagmháil: Brídín Ní Cheallaigh +353 (0)87 9781166

Am: Gach oíche Mháirt ag 8.30in ón 9 Márta 2010 ar aghaidh
Áit: Ionad Deirbhile Eachléim, An Eachléim, Béal An Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo.
Teagmháil: +353 (0)94 9022444 / comhardeirbhile@gmail.com 

Am: Gach Céadaoin ag 9.30 - 12.00in
Áit: Teach tábhairne Mc Carthy's, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh
Teagmháil: Brídín Ní Cheallaigh +353 (0)87 9781166

Am: Gach Céadaoin ag 11.00 - 12.00in
Áit: Ionad Ealaíon Linenhall, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Teagmháil: Brídín Ní Cheallaigh +353 (0)87 9781166

 

MANCHAIN

Am: Oíche Déardaoin dheireanach den mhí ag 9.00in
Áit: The Jolly Angler, Sráid Ducie, Manchain.
Teagmháil: Pat McGuinness patrickmcguinness@nasuwt.net / +44 (0)161 225 0645 

 

NUA EABHRAC

Am: Uair sa mhí, 03 Meitheamh 2010 ag 8.00in
Áit: Ceol Pub, 191 Smith Street, Brooklyn, Nua Eabhrac
Teagmháil: Tadhg MacEoghain timothymckeon@yahoo.com / +1 917 6761467 

 

PÁRAS

Am: Gach dara oíche Déardaoin, 26 Samhain 2009 & 10 Nollaig 2009, ag 7.30 - 11.30in
Áit: The Quiet Man, 5 rue des Haudriettes, 75003 Paris (Metro, vélib : Rambuteau, Hôtel de Ville)
Teagmháil: Ciarán Mac Guill comhraparas@hotmail.fr / +33 (0)6 828 707 10

 

PORT LÁIRGE

Am: Gach oíche Mháirt ag 7.00 - 8.30in go dtí deireadh mhí Feabhra 2010
Áit: Tigh Mooney's, Rinn ón gCuanach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge.
Teagmháil: Cabríní de Barra cabrini@o2.ie

 

SLIGEACH

Am: Gach maidin Chéadaoin ag 10.30 - 11.00rn
Áit: Café Wheats, An Instiúid Teicneolaíochta, Sligeach.
Teagmháil: Eileen Curley curley.eileen@itsligo.ie 

Am: Gach Aoine ag 5.30 - 6.30in
Áit: Ósta (ar chúl Barton Smiths ar bhruach na habhann), Sligeach
Teagmháil: Seosamh Mac Muirí +353 (0)87 2754402

 

TIOBRÁID ÁRANN

Am: Gach oíche Déardaoin ag 9.00 - 11.00in
Áit: Teach tábhairne Skeahan (Teach Kickham), Cearnóg na Saoirse, Durlas Éile, Co. Thiobráid Árann.
Teagmháil: Laoise Ní Cheallaigh LNiCheallaigh@stpats.ie / +353 (0)87 6187089

 

AN TULACH MÓR

Am: Gach Céadaoin ag 12.30 - 1.30in
Áit: Quigley's, Sráid Phádraig, An Tulach Mór. Co. Uíbh Fháilí.
Teagmháil: Barbara Tynan +353 (0)86 8157342

 

Tá caoinfháilte roimh ghrúpaí nua ceangail leis an scéim agus beidh Conradh na Gaeilge le tacú le grúpa ar bith a bunaítear in aon áit sa tír. Ní gá ach teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge ag isleorbeirt@cnag.ie / +353 (0)1 4757401. Glac páirt sa scéim Is Leor Beirt!

TUILLEADH EOLAIS:

Peadar Mac Fhlannchadha
Timire Náisiúnta, Conradh na Gaeilge
091 567824 / 087 4188050
isleorbeirt@cnag.ie

Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 087 6546673
sine@cnag.ie