Nuacht
Agus Conraitheoirí ag saothrú ar son na teanga, is minic go mbíonn muid ag plé leis na meáin chumarsáide. Tá gach preasráiteas agus gach nuachtlitir de chuid an Chonartha le fáil thíos agus má tá breis eolais de dhíth, bí i dteagmháil le foireann na hArd-Oifige.
Beidh an chéad chúrsa ullmhúcháin don agallamh Gaeilge do chúrsa iarchéime na bunmhúinteoireachta á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i gcroílár na cathrach in Uimhir a Sé, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 Dé Sathairn, 21 Samhain 2009, óna 10.00rn - 5.00in.
Díreoidh cúrsa lae an Chonartha ar staidéar agus ar chleachtadh le haghaidh agallamh Gaeilge na gcoláistí oiliúna oideachais, ag leagadh béime ní hamháin ar na topaicí cuí, ar chúrsaí foghraíochta, agus ar théarmaíocht scoile, ach ar nodanna le tabhairt faoin agallamh féin freisin.
Beidh bréagagallamh aonair agus aiseolas pearsanta san áireamh freisin, agus cinnteoidh cúrsa an Chonartha go mbeidh gach iarratasóir réidh le tabhairt faoin ullmhú agus faoin staidéar don agallamh múinteoireachta ar bhonn ceart, cruinn.
Cé go bhfuil an-taithí ag Conradh na Gaeilge ag eagrú cúrsaí ullmhúcháin dá leithéid i nGaillimh roimhe seo, is é seo an chéad uair go bhfuil cúrsa d'iarratasóirí na hiarchéime múinteoireachta ar siúl sa phríomhchathair.
Deir Brenda Ní Ghairbhí, Feidhmeannach Forbartha agus Oifige Chonradh na Gaeilge: "Shocraíomar cúrsa ullmhúcháin don agallamh Gaeilge a chur ar fáil d'iarratasóirí ag dul don iarchéim bhunmhúinteoireachta i mBaile Átha Cliath i mbliana toisc go raibh an-éileamh ar na cúrsaí céanna i nGaillimh, agus go raibh an-chuid daoine ag fiosrú ca bhféadfaidís freastal ar a leithéid sa phríomhchathair."
Dúirt Jacqueline Uí Mhúirí, múinteoirí na gcúrsaí le Conradh na Gaeilge: "Tugann cúrsa an Chonartha deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus triail a bhaint as bréagagallamh chun feabhas a chur ar a scileanna in am d'agallamh Gaeilge na gcoláistí oiliúna oideachais a bheas á reáchtáil ag a leithéid de Choláiste Hibernia níos déanaí i mbliana."
Tá costas €100 ar an gcúrsa ullmhúcháin agus is féidir áit a chur in áirithe láithreach ar shuíomh Chonradh na Gaeilge anseo, nó glaoch ar an gConradh ag +353 (0)1 4757401.
Tá clú agus cáil ar ranganna Gaeilge Chonradh na Gaeilge do dhaoine fásta agus rachaidh an traidisiún múinteoireachta seanbhunaithe seo chun tairbhe lucht freastail an chúrsa ullmhúcháin ar an 21 Samhain 2009. Beidh plé ar na botúin is coitianta a dhéantar san agallamh Gaeilge don iarchéim bhunmhúinteoireachta mar aon le rólimirt, bileoga eolais, obair ghrúpa, obair bheirte, agus bréagagallamh le haiseolas san áireamh i gcúrsa lae an Chonartha.
Iarrtar ar rannpháirtithe ábhair a ullmhú ar na téamaí seo a leanas leis an méid is mó tairbhe a bhaint as cúrsa an Chonartha: mé féin, áit chónaithe, taithí oibre, an fáth go bhfuil mé ag iarraidh an cúrsa a dhéanamh.
Tuilleadh eolais:
Brenda Ní Ghairbhí,
Feidhmeannach Oifige, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / brenda@cnag.ie / 086 3649776
Jacqueline Uí Mhuirí,
Teagascóir, Conradh na Gaeilge.
086 0883503 / 091 567824




