Conradh na Gaeilge

Nuacht

Agus Conraitheoirí ag saothrú ar son na teanga, is minic go mbíonn muid ag plé leis na meáin chumarsáide. Tá gach preasráiteas agus gach nuachtlitir de chuid an Chonartha le fáil thíos agus má tá breis eolais de dhíth, bí i dteagmháil le foireann na hArd-Oifige.

Cath na mBannaí Seolta ag Danny O'Reilly agus Raidió Rí-Rá!
01/02/10

Danny O'Reilly (The Coronas) & Aodhán Ó Deá (Raidió Rí-Rá)Ag iarraidh do cheol a chur ar chluasa breis agus 1,500,000 daoine? Cláraigh le Cath na mBannaí ar Raidió Rí-Rá inniu!

Is é Raidió Rí-Rá an t-aon chairt-stáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn agus táimid ag lorg na mbannaí is fearr le liricí Gaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, chun iad a chur ar aerthonnta timpeall na tíre le linn Mhárta 2010 mar chuid dár gclár nua, Cath na mBannaí.

Ní hamháin go mbíonn na hamhráin is mó ó na cairteacha á gcasadh ag Raidió Rí-Rá dár éisteoirí dil gan stad, gach lá ar-líne ag www.RRR.ie, ach beidh Rí-Rá ag craoladh beo ar an gcóras FM i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Cabhán, Luimneach, Gaillimh agus Port Láirge do Sheachtain na Gaeilge 2010 an Márta seo agus tá do bhanna ag teastáil ar ár stáisiún!

Deir Danny O'Reilly, príomhamhránaí leis na Coronas: "Cabhraíonn comórtais dá leithéid Cath na mBannaí ag Raidió Rí-Rá go mór le bannaí úra a gcuid cheoil a chur amach ar na aerthonnta náisiúnta agus le lucht leanúna mór a chothú ó cheann ceann na tíre. Seo an cineál poiblíochta atá iontach do bhannaí nuair atá siad ag tosú amach - agus is maith atá a fhios agamsa sin!"

Cuirfidh comórtas bannaí na Gaeilge Raidió Rí-Rá na ceoltóirí is corraí agus is fearr le liricí Gaeilge os comhair an tsaoil mhóir, agus beidh deis ag gach banna a gcuid ceoil a chasadh ar an aer, agallaimh a dhéanamh le láithreoirí, agus alt fúthu féin a chur ar-líne mar chuid de Chath na mBannaí.

Seinnfear na hamhráin ó chomórtas Cath na mBannaí ar Raidió Rí-Rá ar feadh mhí an Mhárta sula gcaitheann éisteoirí a vóta ar son an banna is fearr leo an tseachtain roimh Lá Fhéile Phádraig.

Tabhair seans do do bhanna seinm ar aerthonnta na tíre ar Raidió Rí-Rá an Márta seo trí mp3 de cheol an bhanna le liricí i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a sheoladh go banna@rrr.ie roimh Dé Domhnaigh, 15 Feabhra 2010 nó féach ar www.rrr.ie/banna/ le sonraí an chomórtais a fháil.

TUILLEADH EOLAIS & CLÁRÚCHÁN:
Máiréad Ní Thréinir
Comheagraí Chath na mBannaí, Raidió Rí-Rá
+353 (0)86 1208827 / +353 (0)1 4757401 / +353 (0)1 6611999
mairead@rrr.ie

NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Is é Raidió Rí-Rá an ógstáisiún raidió is úire in Éirinn agus é ag craoladh go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá an raidió ar fáil ag www.rrr.ie 24 uair a chloig sa lá, 365 lá sa bhliain. Seinntear ceol ó na cairteacha air gan stad air ó seoladh é i mí Márta 2008 agus tá sé dírithe ar an aoisghrúpa 15-35 bliana d'aois. Is féidir le héisteoirí cluas a chur leis cnaga ceoil ar fad, vótáil do na hamhráin is fearr leo, teacht ar an bpopnuacht is déanaí agus ar Top 40 Oifigiúil na hÉireann, agus iarchláracha a íoschóipeáil.

« Siar