Nuacht
Agus Conraitheoirí ag saothrú ar son na teanga, is minic go mbíonn muid ag plé leis na meáin chumarsáide. Tá gach preasráiteas agus gach nuachtlitir de chuid an Chonartha le fáil thíos agus má tá breis eolais de dhíth, bí i dteagmháil le foireann na hArd-Oifige.
Tá áthas ar Áras na nGael a chur in iúl go bhfuil seisiún úrnua, míosúil ceoil traidisiúnta dhá chur ar fáil do ghasúir agus do dhéagóirí.
‘Sí an seinnteoir fidil agus múinteoir le thaithí, Anna Falkenau, a bheidh i mbun an seisiún agus tá sé dírithe i dtreo daoine a bhfuil de chaighdeán meánleibhéal nó ardleibhéal. Tá fáilte roimh gach uirlis.
Tabharfaidh an seisiún seo deis do thuismitheoirí a bpáistí a thionscain isteach sa ghné shóisialta de sheinm ceoil traidisiúnta agus cabhróidh sé léi / leis a scileanna seinm agus stór cheoil a fhorbairt agus a leathnú.
Beidh an Seisiún ar siúl in Áras an nGael, 45 Sráid Doiminic uair sa mhí idir 2.30 - 4.30in ar thráthnónta Shathairn ar feadh tréimhsí uair a chloig.
Seo a leanas dátaí do na ranganna ag rith suas chuig an tsamhraidh:
6 Feabhra 2010
6 Márta 2010
24 Aibreán 2010
8 Bealtaine 2010
12 Meitheamh 2010
Tá foirm clárúcháin ar fáil in Áras na nGael. Bí cinnte aois agus taithí ceoil / ábaltacht do pháiste a chur in iúl. Caithfear an táille de €85 a bheith íoctha le seic roimh an chéad seisiúin. Cur glaoch ar Anna ar +353 (0)86 6095313 má tá aon cheist agat. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Anna féin ag www.myspace.com/annafalkenau.
TUILLEADH EOLAIS:
Gráinne Ní Chonghaile
Bainisteoir Imeachtaí,
Club Áras na nGael
+353 (0)91 567824
arasnangael@eircom.net




