Conradh na Gaeilge

Nuacht

Agus Conraitheoirí ag saothrú ar son na teanga, is minic go mbíonn muid ag plé leis na meáin chumarsáide. Tá gach preasráiteas agus gach nuachtlitir de chuid an Chonartha le fáil thíos agus má tá breis eolais de dhíth, bí i dteagmháil le foireann na hArd-Oifige.

Airneán sa Chathair le Bob Quinn
29/01/10

Ar an dara Máirt de gach mí bíonn Club Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic mar ionad do shraith oícheanta chultúrtha. Don cheathrú oíche den sraith Airneán sa Chathair beidh Bob Quinn, scríbhneoir agus scannánóir, ag tabhairt taispeántais ar a chlár faisnéise Fly Tippers. Is léargas iontach é seo ar ghrúpa daoine as Conamara a bhí ag maireachtáil i Londain sna ‘80idí. Beidh sé ar siúl ar an Máirt, 9 Feabhra 2010 ag 8.15in.

Tá taifead déanta ag Bob Quinn ar shaol iarthar na tíre anois ar feadh dhá scór bliain, go háirithe sa Ghaeltacht agus i gConamara. Mar thoradh ar seo, tá an-cháil ar a chuid scileanna grianghrafadóireachta agus scannánaíochta. Tá roinnt mhaith dhá chuid saothair bunaithe timpeall ar an Ind, an Aifric agus na Stáit Aontaithe. Tá cuid acu ar taispeántas i nGaillimh agus in L.A. freisin, rud a léiríonn a stádas mar ealaíontóir den chéad scoth. Tógadh i mBaile Átha Cliath é agus thriail sé roinnt postanna sular shocraigh sé ar phost mar láithreoir teilifíse nuair a bhí sé 27 mbliana d'aois. I 1969 rinne sé deoraíocht air féin go Conamara, an áit a tugadh a shaothair faoi deara don chéad uair.

Sa bhliain 1973 nuair theastaigh ó Cinegael, le Seosamh Ó Cuaig agus Toni Cristofides, áilleacht iarthar na hÉireann a chaomhnú, d'fhás cáil Quinn de bharr a chuid scileanna taifeadta. Ó shin i leith tá roinnt gradam faighte aige de bharr a chuid saothair scannánaíochta: Poitín (1977), The Atlantean Trilogy (1981-1984), Dunaway (1987), The Bishop's Story (1994), The Atlantacans: Navagatio (1998), agus an ceann is déanaí, Vox Humana (2008). B'iad na gradaim is suntasaí a bhfuil faighte ag Quinn ná iad seo a leanas: i 1988 toghadh é mar bhaill d'Aosdána, Parlaimint Ealaíona na hÉireann agus i 2001 thug Institiúid Scannánaíochta na hÉireann an gradam dó i gcomhair an "t-éacht daonna is fearr".

Leis an sraith oícheanta chultúrtha seo Airneán sa Chathair tá sé i gceist pobal mhór Ghaeilge na Gaillimhe, agus go deimhin mórthimpeall, a thabhairt le chéile. I mí Márta beidh Máire Holmes ag cur oíche filíochta i láthair le Seosamh Ó Guairim agus Collette Nic Aodha mar pháirt de Sheachtain na Gaeilge. Chomh maith leis sin, i mí Aibreáin táimid ag súil go mór le ceolchoirm beag ó Áine Ní Dhroighneáin.

Chun costais a chlúdach beidh táille €5.00 ar an doras, €3.00 ráta lascaine. Tá súil againn go mbeidh slua mór i láthair ann chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus do na healaíontóirí iontacha seo. Bígí ann más féidir libh. Fáilte roimh chách!

TUILLEADH EOLAIS:

Gráinne Ní Chonghaile
Bainisteoir Imeachtaí,
Club Áras na nGael
+353 (0)91 567824
arasnangael@eircom.net

« Siar