Nuacht
Agus Conraitheoirí ag saothrú ar son na teanga, is minic go mbíonn muid ag plé leis na meáin chumarsáide. Tá gach preasráiteas agus gach nuachtlitir de chuid an Chonartha le fáil thíos agus má tá breis eolais de dhíth, bí i dteagmháil le foireann na hArd-Oifige.
Is é Raidió Rí-Rá an t-aon chairt-stáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn agus tá foirne sráide á lorg againn le cabhrú lenár gcraoladh beo ar FM timpeall na tíre a phoibliú i mí an Mhárta.
Más duine bríomhar, spreagúil tú le Gaeilge líofa atá ar fáil ar feadh cúpla uair a chlog lá amháin in aghaidh na seachtaine le linn Mhárta 2010, tá Raidió Rí-Rá ag lorg do chuid ama agus do chuid fuinnimh!
Bíonn Raidió Rí-Rá le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie ach beidh an cairt-stáisiún le cloisteáil beo ar FM i mBaile Átha Cliath (100.3 FM), Corcaigh (106.7 FM), Gaillimh (99.1 FM), agus Luimneach (105.5 FM) i mí an Mhárta 2010 agus táimid ag eagrú foirne sráide chun cuairt a thabhairt ar scoileanna sna cathracha seo.
Beidh foirne sráide Raidió Rí-Rá ag dul ar cuairt go ranganna scoile chun labhairt leis na daltaí as Gaeilge agus chun cluichí le duaiseanna beaga a chur i láthair leo, agus beidh deis ag roinnt de na daltaí ádhmhara labhairt beo ar an aer lenár láithreoirí sa stiúideo fiú!
Ní gá le gach saorálaí ach cúpla uair a chlog a chaitheamh ag cabhrú le Raidió Rí-Rá lá amháin in aghaidh na seachtaine i mí an Mhárta le cuairt a thabhairt ar uasmhéid cúig scoil ina gceantar áitiúil ar an iomlán.
Cuirfidh Raidió Rí-Rá na duaiseanna agus gach ábhar do na cluichí ar fáil do na foirne sráide leis an spraoi agus an Ghaeilge a spreagadh sna scoileanna áitiúla i do cheantar.
Má tá suim agat a bheith páirteach san togra iontach spraíúil, spreagúil seo de chuid Raidió Rí-Rá, déan teagmháil le Clare Lanigan inniu ag clare@rrr.ie nó glaoigh orainn ar +353 (0)1 6611999.
TUILLEADH EOLAIS:
Clare Lanigan
Raidió Rí-Rá
+353 (0)1 6611999
clare@rrr.ie
NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a sheinneann na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá Raidió Rí-Rá le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár ar an iPhone agus ar ghutháin Nokia, agus beidh le cloisteáil beo ar FM i mBaile Átha Cliath (100.3 FM), Corcaigh (106.7 FM), Gaillimh (99.1 FM), agus Luimneach (105.5 FM) i mí an Mhárta 2010. Is féidir le héisteoirí cluas a chur leis cnaga ceoil ar fad, vótáil do na hamhráin is fearr leo, teacht ar an bpopnuacht is déanaí agus ar Top 40 Oifigiúil na hÉireann, agus iarchláracha a íoschóipeáil. www.rrr.ie




