Conradh na Gaeilge

Nuacht

Agus Conraitheoirí ag saothrú ar son na teanga, is minic go mbíonn muid ag plé leis na meáin chumarsáide. Tá gach preasráiteas agus gach nuachtlitir de chuid an Chonartha le fáil thíos agus má tá breis eolais de dhíth, bí i dteagmháil le foireann na hArd-Oifige.

Athsheoladh an Cheannárais
22/02/10

Déanfaidh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, Ceann-Áras stairiúil Chonradh na Gaeilge in Uimhir a Sé, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 a athsheoladh i ndiaidh deisiúchán déanta air le gairid Dé Máirt, 23 Feabhra 2010, ag 6.00in.

Ócáid cheiliúrtha a bheas in athsheoladh Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge, áit go mbeidh an foirgneamh ar fad ar oscailt don phobal óna 4.30 - 6.30in le deis a thabhairt do dhaoine amharc ar an áras athchóirithe agus turas treoraithe a ghlacadh le foghlaim faoin bpáirt ríthábhachtach a bhí aige sa troid ar son neamhspleáchas na Poblachta a bhaint amach.

Bhí ceangail ag cuid de na daoine is tábhachtaí in Éirí Amach na Cásca 1916 leis an gConradh agus leis an áras in Uimhir a 6 Sráid Fhearchair; ba bhall de Chonradh na Gaeilge iad seisear as an seachtar a shínigh Forfhógra na Saoirse, agus tá an tollán inár éalaigh a leithéid de Mhicheál Ó Coileáin agus baill eile de cheannasaíocht an IRB ó fhórsaí na Breataine le feiceáil fós faoi Cheann-Áras an Chonartha. Ní hamháin gur bunaíodh an chéad Aireacht Airgid faoin Saorstát sa Cheann-Áras freisin, ach bhíodh Banc Shinn Féin lonnaithe in Uimhir a Sé le linn Chogadh na Saoirse agus is as an bhfoirgneamh céanna a fógraíodh torthaí na dtoghchán in 1918.

Fuair Conradh na Gaeilge maoiniú de €238,186 tríd an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó Chiste na Gaeilge, atá páirt-mhaoinithe ag an gCrannchur Náisiúnta, le cabhrú leis an áras stairiúil i mBaile Átha Cliath a dheisiú. Fuair an Conradh síntiúis flaithiúla ó chraobhacha na heagraíochta le híoc as cuid eile de na deisiúcháin freisin agus beimid i mbun breise airgid a bhailiú go luath leis na costais iomláin ag seasamh amach a ghlanadh.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Thar cheann Chonradh na Gaeilge, ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus le craobhacha uile an Chonartha go dtí seo a chabhraigh linn caoi a chur ar an gCeann-Áras ag Uimhir a Sé trí shíntiúis flaithiúla a chur i gciste na ndeisiúchán. Is mór ag an gConradh freisin go bhfuil an tAire Éamon Ó Cuív leis an gCeann-Áras rístairiúil seo a athsheoladh dúinn, nuair a chabhraigh síntiús a Ranna chomh mór sin leis na deisiúcháin riachtanacha a chur i gcrích."

Beidh ceol agus sólaistí ar fáil sa Chlub san íoslach i ndiaidh athsheoladh oifigiúil an Cheann-Árais leis an Aire Ó Cuív, mar aon le seastán eolais ag gach eagraíocht atá lonnaithe sa bhfoirgneamh ar taispeáint - Conradh na Gaeilge, Ógras, An tOireachtas, Seachtain na Gaeilge, An Siopa Leabhar, Club Chonradh na Gaeilge, Raidió Rí-Rá, Rith 2010, an tIonad Saor-Chomhairle Dlí agus Glór na nGael Laighean san áireamh.

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: "Is fóram daonlathach phobal na Gaeilge é Conradh na Gaeilge agus tá an eagraíocht tugtha don chomhoibriú le heagrais Ghaeilge eile leis an teanga a chur chun cinn ar fud an oileáin. Is deis iontach í athsheoladh Cheann-Áras an Chonartha le toradh an chomhoibrithe leanúnaigh sin a cheiliúradh ‘s muid ag súil leis an bhfoirgneamh a fhorbairt mar lárionad na Gaeilge sa phríomhchathair d'imeachtaí, comhdhálacha, ranganna, srl."

TUILLEADH EOLAIS & ÁIRITHINTÍ:

Brenda Ní Ghairbhí,
Feidhmeannach Oifige, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / brenda@cnag.ie / 086 3649776

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / julian@cnag.ie / 086 8142757

 

« Siar