Cláraigh le Conradh na Gaeilge
Is é Conradh na Gaeilge an phríomheagraíocht dheonach phobail a shaothraíonn ar son na Gaeilge ar fud na hÉireann uile agus timpeall na cruinne. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann. Ó bunaíodh é ar 31 Iúil 1893 tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre, ó chúrsaí dlí agus oideachais go forbairt meán cumarsáide agus seirbhísí Gaeilge. Músclaíonn an mhóreagraíocht seo pobal na hÉireann, tugann sí tuiscint úrnua dúinn ar ár n-oidhreacht luachmhar agus cothaíonn sí meas ionainn ar an gcultúr Gaelach.
Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú agus le linn 2007, rinne lucht an Chonartha stocaireacht ar son Acht Teanga don Tuaisceart; cuireadh feachtas tumoideachais ar bun le bac a chur le ciorclán díobhálach 0044/2007 na Roinne Oideachais; bunaíodh seirbhísí saor-chomhairle dlí i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath; cuireadh tús le stáisiún raidió nua don aos óg ar-líne ag www.raidiox.com; eagraíodh imeachtaí i gcomhair le heagraíochtaí Gaeilge eile agus tacaíodh le pobal na Gaeilge ar fud na tíre ar bhealaí éagsúla síos tríd an mbliain.
Is féidir leatsa a bheith gníomhach sna feachtais thábhachtacha a bhíonn ar bun againn ar son na Gaeilge agus a pobal. Tá 3 shlí éagsúla gur féidir leat a bheith páirteach sa Chonradh:
Craobh a bhunú:
Níl ag teastáil ach go dtiocfaidh seisear (6) le chéile a bhfuil suim acu sa Ghaeilge a chur chun cinn agus a bhfuil suim acu coiste a bhunú; agus clárú le hArd-Oifig an Chonartha.
Ar Aghaidh »
Ballraíocht Aonair:
Freastalaíonn an córas ballraíochta ar an duine nach bhfuil in ann, ar chúiseanna éagsúla, páirt a ghlacadh in obair chraoibhe ach ar mhaith leis/léi a bheith páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge.
Ar Aghaidh »
Clárú don nuachtlitir
Lenár nuachtlitir mhíosúil, coimeádfar thú ar an eolas faoi imeachtaí agus feachtais an Chonartha.
Ar Aghaidh »




